Baintear úsáid as na beannachtaí Dia duit agus Dia is Muire duit go minic sa Ghaeilge. Úsáidtear iad i gcomhthéacsanna níos foirmiúla, áfach, nó i gcás daoine nach bhfuil aithne acu ar a chéile.
The greetings Dia duit and Dia is Muire duit are often used in Irish. They are used in more formal contexts, however, or by people who don’t know each other well.
Ná déan dearmad gur gá an focal daoibh a úsáid agus tú ag beannú do níos mó ná duine amháin:
Don’t forget that the word daoibh must be used when greeting more than one person.
Dia daoibh.
Dia is Muire daoibh.
Úsáideann a lán daoine na habairtí seo thíos anois in áit Dia duit:
A lot of people use the sentences below instead of Dia duit:
Cén chaoi a bhfuil tú? (canúint Chonnacht)
How are you? (Connacht dialect)
Cad é mar atá tú? (canúint Uladh)
How are you? (Ulster dialect)
Conas atá tú? (canúint na Mumhan)
How are you? (Munster dialect)
Seo cuid de na freagraí is féidir a thabhairt ar na ceisteanna thuas:
Here are some of the answers that can be given to the questions above:
Tá mé go maith.
I’m well.
Tá mé go breá.
I’m fine.
Níl caill orm.
I’m not bad.
Go diail!
Great!
Ní féidir béim a chur ar fhocail áirithe sa Ghaeilge mar a dhéantar sa Bhéarla. Sa Ghaeilge, úsáidtear foirmeacha treise in áit na béime:
Certain words can’t be stressed in Irish as their English equivalents can. In Irish, special forms called emphatic forms are used instead of stress:
Cén t-ainm atá ort?
What’s your name?
Cén t-ainm atá ortsa?
What’s your name?
Úsáidtear féin chomh maith nuair atá ceist á cur den dara huair le linn comhrá:
The word féin is also used when a question is being asked for a second time during a conversation: