I gComhrá E, chuala tú Bairbre ag cur na ceiste seo:
An maith leat an ceantar a bhfuil tú ann anois?
Mar fhreagra ar an gceist, dúirt Micheál:
Is breá liom é.
Seo mar a thugann tú freagra dearfach agus diúltach ar cheist a bhfuil An maith leat …? ag a tosach:
An maith leat Baile Átha Cliath?
Is maith.
Ní maith.
Níl sé ceart liom a úsáid agus yes nó no á thabhairt mar fhreagra ar cheist mar seo – is leor Is maith nó Ní maith.
Dúirt Micheál go raibh aithne mhaith aige ar an teaghlach a bhfuil cónaí orthu in aice leis. Sa Ghaeilge, bíonn aithne agat ar dhaoine agus eolas agat ar áit:
Ta aithne mhaith agam ar Dheirdre.
Tá eolas maith agam ar Londain.