Useful information 3: Cónaí

Cuirtear séimhiú ar an bhfocal cónaí san uimhir uatha, ach amháin nuair a bhítear ag tagairt do bhean:

Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath.

Tá tú i do chónaí i gCeatharlach, nach bhfuil?

Tá sé ina chónaí i nDún Dealgan.

Tá sí ina cónaí in Éadan Doire.

Cuirtear urú ar an bhfocal cónaí san uimhir iolra i gcónaí:

Táimid inár gcónaí i bhFear Manach.

Tá sibh in bhur gcónaí i nGaillimh.

Tá siad ina gcónaí in Inis.

Tabhair faoi deara go dtagann focal nó focail dhifriúla roimh cónaí, ag brath cén phearsa atá i gceist.

Useful information 3: Cónaí