Sa chéad dreas cainte sa chúrsa, cloisfidh tú Anna Davitt as Raghnallach i mBaile Átha Cliath ag caint faoi bheith ag éirí aníos sa cheantar sin agus faoi áiseanna an cheantair. Éist léi ar dtús gan féachaint ar an script thíos, go bhfeicfidh tú cé mhéad den chaint a thuigfidh tú. Ina dhiaidh sin, éist léi agus an script os do chomhair amach agus, ar deireadh, féach ar an aistriúchán Béarla dá cuid cainte.
In the first Dreas cainte in the course, you’ll hear Anna Davitt from Ranelagh in Dublin speaking about growing up in that area and about the facilities in the area. Listen to her first without looking at the script below to see how much you’ll understand. After that, listen to her with the script in front of you and, lastly, look at the English translation of her speech.
Rugadh agus tógadh sa teach seo mé. Tá deartháir amháin agus deirfiúr amháin agam agus tógadh i Raghnallach an triúr againn. Tá Raghnallach an-ghar do lár na cathrach, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, agus thaitin sé go mór linn a bheith ag fás aníos sa cheantar seo.
I was born and raised in this house. I have one brother and one sister and the three of us were raised in Ranelagh. Ranelagh is very close to the city centre, in the south of Dublin, and we really enjoyed growing up in this area.
Bhogamar anseo i naoi déag ochtú a ceathair agus chuireamar aithne ar na comharsana ón gcéad lá. Tá gaol an-mhaith againn leo ó shin agus bímid ag brath ar a chéile go minic nuair a théann daoine ar saoire, nó mar sin, le haire a thabhairt do na madraí nó súil a choimeád ar an tigh.
We moved here in 1984 and we got to know the neighbours from the first day. We have a very good relationship with them and we often depend on each other when people go on holidays, or that kind of thing, to take care of the dogs or keep an eye on the house.
Tá Raghnallach lonnaithe an-ghar do lár na cathrach freisin – d’fhéadfá siúl isteach nó dul isteach ar an Luas nó ar bhus chomh maith. Tógann sé tuairim is cúig nóiméad dul isteach go lár na cathrach ar an Luas; d’fhéadfá an Luas a fháil i Raghnallach agus bheifeá ann taobh istigh de chúpla nóiméad.
Ranelagh is located very close to the city centre – you could walk in or going in on the Luas or by bus as well. It takes about five minutes to go to the city centre on the Luas; you could get the Luas in Ranelagh and you’d be there inside a few minutes.
Ní raibh aon fhadhb agam teacht abhaile ó lár na cathrach riamh, ag fás aníos. Bhí mé in ann tacsaí a fháil nó bus nó siúl fiú, ag brath ar an am.
I never had a problem coming home from city centre, growing up. I was able to get a taxi or a bus or even walk, depending on the time.
Tá neart bialann i Raghnallach. Tá bialann Shíneach ar an bpríomhshráid, bialann Théalannach chomh maith agus bialanna Iodálacha freisin, so tá rogha fhairsing ag aon duine atá ag iarraidh dul amach le haghaidh dinnéir. Tá cúpla caife ann freisin, timpeall sé theach tábhairne, eischeadúnas, tirimghlantóirí, agus búistéir agus siopa poitigéara.
There are plenty of restaurants in Ranelagh. There’s a Chinese restaurant on the main street, a Thai restaurant as well and also Italian restaurants, so anyone going out to dinner has a wide choice. There are a few cafés as well, around six pubs, an off-licence, dry cleaners, and a butcher and chemist.
Is as Raghnallach m’fhear céile chomh maith agus nuair a phósamar cúpla bliain ó shin cheannaíomar árasán nua, atá gar do Raghnallach; ach tá súil againn i gceann cúpla bliain go mbeimid in ann bogadh ar ais anseo mar gur ceantar chomh deas [sin] é.
My husband is from Ranelagh as well and when we married a few years ago we bought a new apartment, which is close to Ranelagh; but we hope in a few years’ time to be able to move back here because it’s such a nice area.
Braithim go bhfuil Raghnallach athraithe go mór le roinnt blianta mar nuair a bhí mé féin óg bhí an-chuid daoine a bheadh níos sine sa cheantar ach le roinnt blianta anois tá daoine óga ag lonnú anseo agus tá athrú tar éis teacht air sin.
I feel that Ranelagh has changed a lot in the past few years because when I was young there were a lot of people who would be older in the area but for some years now young people are settling here and that’s changing.
Tá na siopaí i Raghnallach tar éis athrú le cúpla bliain [anuas]. Bhíodh siopaí ag teaghlaigh áitiúla – daoine cosúil leis na Muldoons, na Kierans, na Keegans, fiú. Ach le cúpla bliain tá slabhraí móra tar éis lonnú anseo, siopaí cosúil le Starbucks, Subway agus Domino’s Pizza, fiú.
The shops in Ranelagh have changed in the past few years. Local families used to have shops – people like the Muldoons, the Kierans, the Keegans, even. But in the past few years big chains have located here, shops like Starbucks, Subway and even Domino’s Pizza.