Éist leis na frásaí úsáideacha seo agus déan iarracht iad a rá tú féin ansin.
Listen to these useful phrases and then try to say them yourself.
Tá mé i mo chónaí i lár an bhaile. I live in the centre of town.
Tá tú i do chónaí faoin tuath anois, nach bhfuil? You live in the country now, don’t you?
Tá sé ina chónaí sa chathair. He lives in the city.
Tá sí ina cónaí i mbruachbhaile darb ainm Baile an Easpaig. She lives in a suburb called Bishopstown.
Táimid inár gcónaí ar imeall na cathrach. We live on the edge of the city.
Tá sibh in bhur gcónaí in aice leis an bhfarraige, nach bhfuil? You live beside the sea, don’t you?
Tá siad ina gcónaí in aice leis an gcósta. They live beside the coast.
cúig mhíle ó … five miles from …
Is sráidbhaile é. It’s a village.
Is baile beag é. It’s a small town.
Is ceantar tuaithe é. It’s a country area.
Is ceantar mór turasóireachta é. It’s a big tourist area.