Seo abairt a dúirt Siobhán i gceann de na comhráite ag tús an aonaid:
Is as Caisleán an Bharraigh ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois le beagnach cúig bliana anuas.
Tabhair faoi deara gur athraigh an focal Baile go mBaile mar go raibh an réamhfhocal simplí i ag teacht roimhe. Seo sampla eile d’úrú.
Athraíonn an t-urú fuaim an fhocail – bánn an litir nua an chéad litir ionas nach gcloistear ach an litir nua.
Cuirtear urú ar na consain b, c, d, f, g, p agus t tar éis an réamhfhocail shimplí i:
b → mb Béal Feirste → i mBéal Feirste c → gc Corcaigh → i gCorcaigh d → nd Doire → i nDoire f → bhf Fear Manach → i bhFear Manach g → ng Gaillimh → i nGaillimh p → bp Port Láirge → i bPort Láirge t → dt Trá Lí → i dTrá Lí
Tá fuaim speisialta ag na litreacha ng sa mhéid is nach mbánn an litir bhreise, n, fuaim na chéad litreach, g. B’fhéidir go mbeadh deacracht agat leis an bhfuaim seo ar dtús ach rachaidh tú i dtaithí uirthi tar éis tamaill!
Úsáidtear an fhoirm in roimh na gutaí: