Read on!

Anois, beidh seans agat sliocht a léamh mar gheall ar chúlra duine. Tá cur síos anseo ar an áit ar rugadh an fear cáiliúil seo agus ar an tógáil a fuair sé.

1. Déan iarracht an sliocht a léamh os ard ar dtús gan féachaint ar an aistriúchán Béarla. Bí cúramach agus tú ag fuaimniú na litreacha atá i gcló dorcha.
2. Léigh an sliocht an dara huair agus féach ar an aistriúchán Béarla i gcás na leaganacha nach dtuigfidh tú.
3. Éist leis an taifeadadh ansin agus bí ag léamh an ailt ag an am céanna.
4. Tar éis duit éisteacht leis cúpla uair, abair na focail ansin ag an am céanna leis an duine ar an taifeadadh. Ná stop an taifeadadh agus é seo á dhéanamh agat.

Sylvester Stallone

Rugadh Sylvester Stallone ar an séú lá de mhí Iúil, 1946, i gceantar bocht in aice le Times Square i Nua‑Eabhrac. Bhí a mháthair ag obair mar rinceoir i gclub oíche ag an am agus theastaigh óna athair a bheith ina amhránaí. Saolaíodh Stallone in ospidéal carthanachta agus nuair a bhí sé dhá bhliain d’aois cuireadh chuig teach lóistín i gceantar Queens é, áit ar thug bean eile aire dó. Ba pháiste uaigneach é a bhíodh tinn go minic agus ní fheiceadh sé a chuid tuismitheoirí ach ag an deireadh seachtaine. Chaith sé trí bliana ansin agus bhog sé leis an teaghlach go Silver Springs i 1951. ‘Bhí go leor deacrachtaí ag mo thuismitheoirí,’ arsa Stallone, ‘Níor réitigh siad go maith lena chéile agus ní raibh mórán suime acu ionamsa ná i mo dheartháir óg, Frank’.

Fuair a thuismitheoirí colscaradh óna chéile i 1957, d’imigh a mháthair agus fágadh Stallone lena athair. Níor chaith a athair go rómhaith leis. ‘Ní dúirt sé riamh go raibh sé bródúil asam. Deireadh sé, “Cén fáth nach féidir leat a bheith níos cliste? Cén fáth nach féidir leat a bheith níos láidre?”’ Faoin am a bhí sé cúig bliana déag d’aois, bhí Stallone tar éis freastal ar dhá scoil déag dhifriúla agus caitheadh amach é as an-chuid díobh. D’fhág sé Nua‑Eabhrac ag an am sin agus bhog sé go Philadelphia chun cónaí lena mháthair agus lena leasathair. Thosaigh sé ag aisteoireacht roinnt blianta ina dhiaidh sin agus d’éirigh sé cáiliúil nuair a bhuaigh an scannán ‘Rocky’ Oscar sa bhliain 1976.

dhá scannán is fiche déanta ag Stallone agus saothraíonn sé fiche milliún dollar as gach scannán a dhéanann sé anois. Tá sé tar éis go leor fadhbanna a bheith aige ina shaol pearsanta, áfach; theip ar a chéad phósadh i 1985 agus phós sé an t‑aisteoir Brigitte Nielson an bhliain chéanna sin. Níor mhair an pósadh sin ach ocht mí dhéag, áfach. Anois tá sé pósta le Jennifer Flavin, mainicín ar bhuail sé léi naoi mbliana ó shin nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d’aois. Chónaigh siad le chéile ar feadh trí bliana agus pósadh iad i Londain ar an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine i mbliana.

Bunaithe ar alt a foilsíodh sa Chicago Tribune, 6 Iúil 1997.

Read on!