Comhrá C
Conversation C
Tá Siobhán agus Colm fós ag an gcóisir. Cuireann sise cara dá cuid in aithne dó.
Siobhán and Colm are still at the party. She introduces him to a friend of hers.
Colm: | Aithním an bhean sin – tá sí feicthe agam cúpla uair cheana féin, measaim. An Spáinneach í? I recognise that woman – I’ve seen her a few times before, I think. Is she Spanish? |
Siobhán: | Ní hea. Sin Antonella – is Iodálach í. Rugadh agus tógadh sa Róimh í ach bhog sí anseo deich mbliana ó shin. No. That’s Antonella – she’s Italian. She was born and raised in Rome but she moved here ten years ago. |
Colm: | Chuala mé í ag labhairt Gaeilge le Jennifer ag tús na hoíche! I heard her speaking Irish to Jennifer at the beginning of the night! |
Siobhán: | Is ea, tá Gaeilge líofa aici. Rinne sí cúpla cúrsa i nDún na nGall agus i gConamara. Yes, she speaks fluent Irish. She did a few courses in Donegal and Conamara. |
Colm: | Is bean chliste í! She’s a clever woman! |
Siobhán: | Is ea, tá sí an-chliste. Cuirfidh mé in aithne duit í. A Antonella, seo é Colm. Yes, she’s very clever. I’ll introduce her to you. Antonella, this is Colm. |
Colm: | Tá sé go deas bualadh leat. It’s nice to meet you. |
Antonella: | Tá sé go deas bualadh leatsa freisin. It’s nice to meet you as well. |

Comhrá D
Conversation D
Buaileann Dónall le hiar-chomhghleacaí dá chuid, Síle, agus í ar a bealach chun na pictiúrlainne lena cairde Michelle agus Peadar.
Dónall bumps into a former work colleague of his, Síle, who’s on her way to the cinema with her friends Michelle and Peadar.
Dónall: | Hi Síle, cad é mar atá tú? Hi Síle, how are you? |
Síle: | Go maith, go raibh maith agat. Agus tú féin? I’m well, thanks. And you? |
Dónall: | Tá mé go breá. I’m fine. |
Síle: | An bhfuil aithne agat ar mo chairde anseo? Seo iad Michelle agus Peadar. Do you know my friends here? This is Michelle and Peadar. |
Dónall: | Tá sé go deas bualadh libh. Tá sibhse cairdiúil le mo chol ceathrair Derek, nach bhfuil? It’s nice to meet you. You’re friends with my cousin Derek, aren’t you? |
Peadar: | Tá, tá aithne mhaith againn ar Derek. Bhí mise sa choláiste leis agus téimid ar saoire le chéile gach samhradh. Yes, we know Derek well. I was in college with him and we go on holidays together every summer. |
Síle: | Tá brón orm, a Dhónaill, ach táimid ag dul chuig scannán agus táimid rud beag déanach. Glaofaidh mé ort i rith na seachtaine. I’m sorry, Dónall, but we’re going to a film and we’re a little bit late. I’ll call you during the week. |
Dónall: | Go breá. Slán libh. Fine. Goodbye. |
Peadar: | Slán agat. Goodbye. |
Síle agus Michelle: | Slán go fóill. Goodbye for now. |
