Baintear úsáid as na beannachtaí Dia duit agus Dia is Muire duit go minic sa Ghaeilge. Úsáidtear iad i gcomhthéacsanna níos foirmiúla, áfach, nó i gcás daoine nach bhfuil aithne acu ar a chéile.
Ná déan dearmad gur gá an focal daoibh a úsáid agus tú ag beannú do níos mó ná duine amháin:
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_1.mp3 Dia daoibh.
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_2.mp3 Dia is Muire daoibh.
Úsáideann a lán daoine na habairtí seo thíos anois in áit Dia duit:
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_3.mp3 Cén chaoi a bhfuil tú? (canúint Chonnacht)
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_4.mp3 Cad é mar atá tú? (canúint Uladh)
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_5.mp3 Conas atá tú? (canúint na Mumhan)
Seo cuid de na freagraí is féidir a thabhairt ar na ceisteanna thuas:
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_6.mp3 Tá mé go maith.
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_7.mp3 Tá mé go breá.
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_8.mp3 Níl caill orm.
Ní féidir béim a chur ar fhocail áirithe sa Ghaeilge mar a dhéantar sa Bhéarla. Sa Ghaeilge, úsáidtear foirmeacha treise in áit na béime:
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_10.mp3 Cén t‑ainm atá ort?
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach1_11.mp3 Cén t‑ainm atá ortsa?
Úsáidtear féin chomh maith nuair atá ceist á cur den dara huair le linn comhrá: