Chuala tú na habairtí seo a leanas agus daoine á gcur in aithne i gComhrá C agus i gCómhrá D:
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach6_1.mp3 Seo é Colm.
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach6_2.mp3 Seo iad Michelle agus Peadar.
Úsáideann tú é nuair a bhíonn fear á chur in aithne, mar sin, agus iad nuair a bhíonn níos mó ná duine amháin ann. Seo mar a chuireann tú bean in aithne:
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach6_3.mp3 Seo í Seosaimhín.
Chuala tú daoine ag rá slán lena chéile chomh maith. Seo thíos na rialacha a bhaineann le slán.
Ag labhairt le duine amháin
Úsáideann an duine a bhíonn ag imeacht ón gcomhluadar agat agus an duine a bhíonn ag fanacht leat. Sa chomhrá seo a leanas tá Ciarán ag fanacht ina oifig agus Deirdre ag imeacht amach an doras.
Ciarán: | Slán leat, a Dheirdre. Feicfidh mé ar maidin tú. |
Deirdre: | Slán agat, a Chiaráin. Ná bí ag obair go róchrua! |
Ag labhairt le níos mó ná duine amháin
Úsáideann tú libh agus tú ag labhairt le níos mó ná duine amháin. Sa chomhrá seo a leanas tá Susan ag labhairt le beirt a bhí ar cuairt aici agus atá ag fágáil an tí anois: