Cuirtear séimhiú ar an bhfocal cónaí san uimhir uatha, ach amháin nuair a bhítear ag tagairt do bhean:
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach3_1.mp3 Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath.
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach3_2.mp3 Tá tú i do chónaí i gCeatharlach, nach bhfuil?
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach3_3.mp3 Tá sé ina chónaí i nDún Dealgan.
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach3_4.mp3 Tá sí ina cónaí in Éadan Doire.
Cuirtear urú ar an bhfocal cónaí san uimhir iolra i gcónaí:
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach3_5.mp3 Táimid inár gcónaí i bhFear Manach.
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach3_6.mp3 Tá sibh in bhur gcónaí i nGaillimh.
GaeilgeGanStro/Aonad01/EolasUsaideach3_7.mp3 Tá siad ina gcónaí in Inis.
Tabhair faoi deara go dtagann focal nó focail dhifriúla roimh cónaí, ag brath cén phearsa atá i gceist.