Comhrá C / Conversation C

Comhrá C

Darren is at a party in his new girlfriend Síle’s house and doesn’t know too many people there. Síle introduces him to a few people.
Síle:Seo í Bríd agus seo é David.
Darren:Tá sé go deas bualadh libh.
Síle:Agus seo iad Méabh agus Louise.
Darren:Cén chaoi a bhfuil sibh?
David:Cé as thú féin, a Darren?
Darren:Is as an Uaimh mé ach tá mé i mo chónaí anseo i mBaile Átha Cliath anois le bliain go leith anuas.
David:An maith leat Baile Átha Cliath?
Darren:Is breá liom é. Tá mé i mo chónaí i lár na cathrach, mar sin is féidir liom siúl gach áit. Níl mé ach ceathrú uaire siúil ón obair.
David:Tá sin go hiontach. Caithimse uair go leith ar an mbus gach maidin agus tráthnóna. Is crá croí é!
Comhrá C / Conversation C