Comhrá B / Conversation B

Comhrá B

Sorcha arrives at an Irish language organisation in Galway, where’s she about to have an interview for a job. Or so she thinks!
Emer:Dia duit.
Sorcha:Dia is Muire duit. Is mise Sorcha Ní Laighin.
Emer:Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Emer. Tá sé an‑fhuar ar maidin, nach bhfuil?
Sorcha:Tá agus tá sé ag báisteach anois chomh maith.
Emer:Tá an aimsir go dona faoi láthair. An féidir liom cabhrú leat, a Shorcha?
Sorcha:Tá mé anseo don agallamh.
Emer:Don agallamh! Ach níl na hagallaimh ar siúl go dtí maidin amárach.
Sorcha:Dáiríre! Agus tá mise tar éis taisteal as Áth Luain. Bhí mé cinnte go raibh siad ar siúl inniu!
Emer:Tá brón orm faoi sin. An mbeidh cupán tae agat?
Sorcha:Beidh, go raibh maith agat. Nach mé an t‑amadán!
Comhrá B / Conversation B