Batshèva Battu

Batshèva Battu, a Frenchwoman of Israeli descent with no family connection with Ireland, has become fluent in Irish in two‑and-a-half years. Here she explains why she decided to learn the language.

Batshèva Battu

Is mise Batshèva Battu agus tá cónaí orm i bPáras na Fraince. Rugadh agus tógadh sa chathair sin mé ach is as Iosrael do mo mháthair.

Thosaigh mé a fhoghlaim na Gaeilge dhá bhliain go leith ó shin agus tá mé ag éirí níos líofa (more fluent) de réir a chéile.

Ní raibh eolas ar bith agam (I had no knowledge) ar an Ghaeilge agus níor chuala mé riamh í sular thosaigh mé á foghlaim. Ach bhí mé ag iarraidh teanga a bheith agam a bheadh éagsúil leis na teangacha sin (different from those languages) a bhíonn le cloisteáil an t‑am ar fad.

Nuair a chuaigh mé go hOideas Gael i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall den chéad uair (for the first time) in 2005 le cúrsa a dhéanamh ní raibh focal Gaeilge agam agus ní raibh eolas ar bith agam ar Éirinn, mar nach raibh mé ansin riamh cheana (previously).

Déanaim cúrsaí Gaeilge go minic in Oideas Gael anois agus tá roinnt mhaith ceardlann amhránaíochta ar an sean‑nós (sean-nós singing workshops) déanta agam le Gearóidín Bhreathnach, an t‑amhránaí iontach sin (that great singer) as Rann na Feirste. B’amhránaí clasaiceach agus snagcheoil (a classical and jazz singer) mé sular thosaigh mé a fhoghlaim na Gaeilge, ach canaim amhráin ar an sean‑nós den chuid is mó (sean-nós songs for the most part) anois.

Tá sé beartaithe agam bogadh go hÉirinn (I intend moving to Ireland) i mí Mheán Fómhair i mbliana agus cúrsa MA san amhránaíocht a dhéanamh in Acadamh Domhanda Ceoil agus Rince na hÉireann i Luimneach. Tá mé ag súil go mór le bheith ag staidéar ansin; is deis iontach (a great opportunity) é domsa mar amhránaí agus tá súil agam (I hope) go mbeidh mé ábalta níos mó Gaeilge a fhoghlaim agus mé in Éirinn.

Márta 2008 / March 2008

Batshèva Battu