Comhrá A / Conversation A

Comhrá A

Brian invites Deirdre to a film but she’s not too keen to go with him.
Brian:Hi, a Dheirdre. An bhfuil tú go maith?
Deirdre:Níl mé ró‑olc. Conas atá cúrsaí leat féin?
Brian:Á, maith go leor. Bhí mé gnóthach go maith le cúpla seachtain anuas ach tá rudaí níos ciúine an tseachtain seo.
Deirdre:Is maith sin.
Brian:Éist, an bhfuil tú saor san oíche amárach?
Deirdre:Níl mé cinnte. Cén fáth?
Brian:Tá mise ag dul chuig an scannán nua Fraincise sin. Ar mhaith leat teacht liom?
Deirdre:Ba bhreá liom ach tá seans go mbeidh mé ag obair déanach san oíche amárach.
Brian:An mbeidh tú saor oíche Déardaoin?
Deirdre:Tá brón orm ach … á … beidh mo mháthair ar cuairt agam.
Brian:Ach cheap mé go raibh do mháthair san Iodáil.
Deirdre:Tá sí ar ais.
Comhrá A / Conversation A