Comhrá B / Conversation B

Comhrá B

Aodán is trying to get his children to eat their dinner but he’s fighting a losing battle!
Aodán:Ith do dhinnéar, a Chaoimhín.
Caoimhín:Ach níl ocras ar bith orm.
Aodán:Agus ith thusa do chuid glasraí, a Shorcha.
Sorcha:Ní maith liom glasraí – is fuath liom iad. B’fhearr liom sceallóga.
Aodán:A Chaoimhín, tabhair dom an t‑im, le do thoil.
(Caoimhín hands him the butter.)
Go raibh maith agat.
Agus an bainne.
(Caoimhín hands him the milk.)
Maith an buachaill.
Sorcha:An féidir liomsa gloine oráiste a bheith agam?
Aodán:Is féidir – má itheann tú do ghlasraí i dtosach.
Sorcha:Ach ní maith liom brocailí ná cairéid. Tá drochbhlas orthu.
Aodán:Tá siad an‑mhaith agat. Ith suas iad agus ansin is féidir leat gloine dheas oráiste a bheith agat.
Sorcha:Níl sin féaráilte!
Comhrá B / Conversation B