Comhrá B / Conversation B

Comhrá B

Máirín now asks Colm about his job.
Máirín:An bhfuil tú fós i Luimneach?
Colm:Tá. Cheannaigh mé teach ansin an bhliain seo caite.
Máirín:Agus an bhfuil tú ag múineadh leat?
Colm:Níl. D’éirigh mé as an múinteoireacht bliain go leith ó shin. Is státseirbhíseach mé anois; tá mé ag obair leis an Roinn Cosanta i Luimneach.
Máirín:Státseirbhíseach! An post buan é?
Colm:Ní hea, is post sealadach é. Tá conradh trí bliana agam ach tá súil agam go bhfaighidh mé conradh buan ar an mbliain seo chugainn.
Máirín:Ach nach bhfuil an obair cineál leadránach?
Colm:Níl ar chor ar bith. Tá an obair suimiúil go leor.
Máirín:An bhfuil uaireanta fada i gceist?
Colm:Níl – tá siad go breá. Oibrím uaireanta solúbtha. Ní gá dom a bheith istigh go dtí a deich a chlog, más mian liom, agus is féidir liom fágáil ar a ceathair a chlog.
Máirín:Níl sin ródhona!
Comhrá B / Conversation B