Lorraine tells her friend Caoimhe about her recent trip to Spain.
Caoimhe:
Bhí tú féin thar lear an samhradh seo, nach raibh?
You were abroad this summer, weren’t you?
Lorraine:
Bhí. Bhí mé féin agus Darren sa Spáinn ar feadh coicíse.
Yes. Darren and I were in Spain for a fortnight.
Caoimhe:
Go deas. Cén áit a raibh sibh?
Very nice. Where were you?
Lorraine:
Chaith muid cúpla lá i Sevilla, ansin thiomáin muid go Granada agus go Málaga ina dhiaidh sin.
We spent a few days in Sevilla, then we drove to Granada and to Málaga after that.
Caoimhe:
Bhí mé féin i Málaga timpeall cúig bliana ó shin. Is baile álainn é.
I was in Málaga myself about five years ago. It’s a lovely town.
Lorraine:
Tá sé an-deas ar fad. Tá an lóistín breá saor ansin agus tá na bialanna an-réasúnta ar fad.
It’s very nice indeed. The accommodation is nice and cheap there and the restaurants are very reasonable indeed.
Caoimhe:
Agus tá sé díreach in aice na farraige. Tá na tránna go hálainn agus ní bhíonn siad róphlódaithe. Cén cineál lóistín a bhí agaibh ansin?
And it’s right beside the sea. The beaches are very pretty and they’re not too crowded. What kind of accommodation did you have there?
Lorraine:
D’fhan muid in óstán an-deas i lár an bhaile. Ní raibh sé ródhaor agus bhí sé deas ciúin.
We stayed in a very nice hotel in the middle of town. It wasn’t too expensive and it was nice and quiet.
Caoimhe:
Tá mé féin agus mo chol ceathrair ag dul go tuaisceart na hIodáile an mhí seo chugainn ar feadh deich lá. Tá mé ag súil go mór leis. Tá mé bréan den drochaimsir seo!
My cousin and I are going to the north of Italy next month for ten days. I’m really looking forward to it. I’m sick of this bad weather!