Comhrá A / Conversation A

Comhrá A

It’s Friday evening and Póilín’s son Séamas has no interest in talking about his day at school!
Póilín:Conas mar a bhí an scoil inniu?
Séamas:Maith go leor.
Póilín:An raibh an obair bhaile a rinne tú don rang Mata ceart go leor?
Séamas:Bhí.
Póilín:Agus an ndeachaigh sibh go dtí an linn snámha san iarnóin?
Séamas:Chuaigh.
Póilín:An raibh Manus ar ais ar scoil inniu?
Séamas:Ní raibh.
Póilín:In ainm Dé, a Shéamais, labhair liom! Tá tú chomh tostach!
Séamas:Ach tá mé tuirseach agus bréan den scoil.
Póilín:Maith go leor, mar sin. Ní chuirfidh mé níos mó ceisteanna ort.
Séamas:Go raibh maith agat.
Comhrá A / Conversation A