It’s your turn to have a conversation now. Pretend you’re Aoife and that you’re talking to Breandán.
Abair:
How are you? I’m Aoife. What’s your name?
Cén chaoi a bhfuil tú? Is mise Aoife. Cén t-ainm atá ortsa?
Breandán:
Breandán.
Breandán.
Abair:
It’s nice to meet you, Breandán.
Tá sé go deas bualadh leat, a Bhreandáin.
Breandán:
Cé as thú, a Aoife?
Where are you from, Aoife?
Abair:
From Galway. Where are you from yourself?
As Gaillimh. Cé as thú féin?
Breandán:
As Tiobraid Árann ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois le cúig bliana anuas. An bhfuil tusa i do chónaí i mBaile Átha Cliath tú féin?
I’m originally from Tipperary but I’ve been living in Dublin now for five years. Are you living in Dublin yourself?
Abair:
Yes. I live in Drumcondra. I moved here about three years ago. Are you looking forward to this course?
Tá. Tá mé i mo chónaí i nDroim Conrach. Bhog mé anseo timpeall trí bliana ó shin. An bhfuil tú ag súil leis an gcúrsa seo?
Breandán:
Ó, tá. Tá sé blianta fada ó labhair mé Gaeilge ach tá súil agam go dtiocfaidh sí ar ais chugam tar éis cúpla rang!
Oh, yes. It’s years since I spoke Irish but I hope it comes back to me after a few classes!