Comhrá A / Conversation A

Comhrá A

Caoimhe and Diarmuid have only been dating for a short time and are getting to know each other better.
Caoimhe:Cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat?
Diarmuid:Tá beirt deartháireacha agam agus deirfiúr amháin. Céard fút féin?
Caoimhe:Níl deartháir ar bith agam agus níl agam ach deirfiúr amháin, Susan.
Diarmuid:An bhfuil sí níos sine nó níos óige ná tusa?
Caoimhe:Tá sí níos óige – tá sí sé bliana is fiche. Cén áit a dtagann tusa sa chlann?
Diarmuid:Is mise an dara duine is sine. Tá mo dheirfiúr níos sine – tá sí bliain is tríocha. Tá mo chuid deartháireacha níos óige.
Caoimhe:Cén t‑ainm atá ar do dheirfiúr?
Diarmuid:Niamh. Tá sí ina cónaí i Londain anois le cúig bliana anuas. Ba bhreá liom bualadh le Susan.
Caoimhe:Tá sí san Astráil faoi láthair ach beidh sí sa bhaile ar feadh coicíse ag an Nollaig.
Comhrá A / Conversation A