Comhrá A / Conversation A

Comhrá A

Darach talks to Aoife about his weekend in New York.
Aoife:Chuala mé go raibh tú féin agus Áine i Nua‑Eabhrac don deireadh seachtaine.
Darach:Bhí. Chuaigh muid ansin Déardaoin agus tháinig muid ar ais maidin Dé Luain. Fuair muid eitiltí saora le hAer Lingus.
Aoife:Go hiontach. Cén áit ar fhan sibh?
Darach:D’fhan muid in óstán darb ainm The Edison. Tá sé díreach in aice le Broadway agus Times Square.
Aoife:Ó, bhí sé sin an‑áisiúil. An bhfuil an t‑óstán sin daor?
Darach:Tá sé daor go leor. Bhí an seomra beagnach dhá chéad dollar san oíche.
Aoife:Bhí sin an‑chostasach ach tá sé deacair lóistín saor a fháil i Nua‑Eabhrac.
Darach:Tá sin fíor. Ach ar a laghad tá an dollar an‑lag faoi láthair.
Aoife:An bhfuil an t‑óstán go deas?
Darach:Níl sé ródhona. Tá sé bunúsach ach breá lárnach. Is féidir leat siúl gach áit.
Comhrá A / Conversation A