Comhrá A
Conversation A
Darach talks to Aoife about his weekend in New York.
Aoife: | Chuala mé go raibh tú féin agus Áine i Nua-Eabhrac don deireadh seachtaine. I heard yourself and Áine were in New York for the weekend. |
Darach: | Bhí. Chuaigh muid ansin Déardaoin agus tháinig muid ar ais maidin Dé Luain. Fuair muid eitiltí saora le hAer Lingus. Yes. We went there on Thursday and came back on Monday morning. We got cheap flights with Aer Lingus. |
Aoife: | Go hiontach. Cén áit ar fhan sibh? Great. Where did you stay? |
Darach: | D’fhan muid in óstán darb ainm The Edison. Tá sé díreach in aice le Broadway agus Times Square. We stayed in an hotel called The Edison. It’s right beside Broadway and Times Square. |
Aoife: | Ó, bhí sé sin an-áisiúil. An bhfuil an t-óstán sin daor? Oh, that was very handy. Is that hotel expensive? |
Darach: | Tá sé daor go leor. Bhí an seomra beagnach dhá chéad dollar san oíche. It’s expensive enough. The room was nearly two hundred dollars a night. |
Aoife: | Bhí sin an-chostasach ach tá sé deacair lóistín saor a fháil i Nua-Eabhrac. That was very dear but it’s difficult to get cheap accommodation in New York. |
Darach: | Tá sin fíor. Ach ar a laghad tá an dollar an-lag faoi láthair. That’s true. But at least the dollar is very weak at the moment. |
Aoife: | An bhfuil an t-óstán go deas? Is the hotel nice? |
Darach: | Níl sé ródhona. Tá sé bunúsach ach breá lárnach. Is féidir leat siúl gach áit. It’s not too bad. It’s basic but nice and central. You can walk everywhere. |
