Comhrá C
Conversation C
Siobhán is on a date with Stephen and is finding his conversation really boring.
Stephen: | Sea, tá a lán taistil déanta agam le cúpla bliain anuas. Yes, I’ve done a lot of travelling in the past few years. |
Siobhán: | Ó, an bhfuil? Oh, have you? |
Stephen: | Tá. Anuraidh, mar shampla, bhí mé i Meiriceá, i gCúba, sa Fhrainc agus sa Phortaingéil. Yes. Last year, for example, I was in America, in Cuba, in France and in Portugal. |
Siobhán: | Suimiúil. Interesting. |
Stephen: | Sea, agus arú anuraidh bhí mé i Meiriceá Theas agus san Astráil. Chaith mé trí mhí ag taisteal. An bhfuil mórán taistil déanta agat féin? Yes, and the year before last I was in South America and Australia. I spent three months travelling. Have you done much travelling yourself? |
Siobhán: | Níl, i ndáiríre. Bhí mé i gCeanada an bhliain seo caite … Not really. I was in Canada last year … |
Stephen: | Ó, is breá liom Ceanada. Bhí mé ansin trí huaire le deich mbliana anuas. Tá an tír go hálainn. Oh, I love Canada. I’ve been there three times in the past ten years. The country is really lovely. |
Siobhán: | Tá. An-deas ar fad. Yes. Very nice indeed. |
Stephen: | An samhradh seo chugainn, tá sé i gceist agam mí a chaitheamh san Áise – sa Téalainn, i Neipeal agus sa Chambóid. Ansin, ag deireadh … Next summer, I intend spending a month in Asia – in Thailand, in Nepal and in Cambodia. Then, at the end … |
Siobhán: | Éist, caithfidh mise dul abhaile. Listen, I have to go home. |
Stephen: | Ach níl sé ach a naoi a chlog! But it’s only nine o’clock! |
