It’s your turn to have a conversation now. Pretend you’re Caoimhe and that you’re talking to Diarmuid.
Abair: | How many brothers and sisters do you have? Cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat? | |
Diarmuid: | Tá beirt deartháireacha agam agus deirfiúr amháin. Céard fút féin? I have two brothers and one sister. What about you? | |
Abair: | I have no brothers and I only have one sister, Susan. Níl deartháir ar bith agam agus níl agam ach deirfiúr amháin, Susan. | |
Diarmuid: | An bhfuil sí níos sine nó níos óige ná tusa? Is she older or younger than you? | |
Abair: | She’s younger – she’s twenty-six years old. Where do you come in the family? Tá sí níos óige – tá sí sé bliana is fiche. Cén áit a dtagann tusa sa chlann? | |
Diarmuid: | Is mise an dara duine is sine. Tá mo dheirfiúr níos sine – tá sí bliain is tríocha. Tá mo chuid deartháireacha níos óige. I’m the second oldest. My sister is older – she’s thirty-one years old. My brothers are younger. | |
Abair: | What’s your sister’s name? Cén t-ainm atá ar do dheirfiúr? | |
Diarmuid: | Niamh. Tá sí ina cónaí i Londain anois le cúig bliana anuas. Ba bhreá liom bualadh le Susan. Niamh. She’s been living in London now for the past five years. I’d love to meet Susan. | |
Abair: | She’s in Australia at the moment but she’ll be home for a fortnight at Christmas. Tá sí san Astráil faoi láthair ach beidh sí sa bhaile ar feadh coicíse ag an Nollaig. | |