Comhrá B / Conversation B

Comhrá B

Colette and Regina bump into each other at a football match and arrange to have lunch together.
Colette:Conas atá tú, a Regina?
Regina:Go maith, go raibh maith agat. Agus tú féin?
Colette:Go breá. Tá an lá go deas, nach bhfuil?
Regina:Tá, tá sé go haoibhinn ar fad. Tá sé an‑te le cúpla lá anuas.
Colette:Tá. Is breá liom aimsir mar seo.
Regina:Tá an cluiche thar barr, nach bhfuil?
Colette:Tá, tá sé go hiontach. Tá mé ag baint an‑sult as. Níor ól muid an cupán caife sin le chéile fós.
Regina:Tá an ceart agat. Céard faoi Dé Céadaoin seo chugainn? Ar mhaith leat lón a bheith agat liom?
Colette:Ba bhreá liom. Cén t‑am a bhuailfimid le chéile?
Regina:Abair, leathuair tar éis a dó dhéag.
Colette:Agus cén áit?
Regina:Céard faoin mbialann nua sin in aice leis an leabharlann?
Colette:Go breá. Feicfidh mé ansin thú. Slán go fóill.
Regina:Ádh mór, a Cholette.
Comhrá B / Conversation B