It’s your turn to have a conversation now. Pretend you’re Aoife and that you’re talking to Darach.
Abair: | I heard yourself and Áine were in New York for the weekend. Chuala mé go raibh tú féin agus Áine i Nua-Eabhrac don deireadh seachtaine. | |
Darach: | Bhí. Chuaigh muid ansin Déardaoin agus tháinig muid ar ais maidin Dé Luain. Fuair muid eitiltí saora le hAer Lingus. Yes. We went there on Thursday and came back on Monday morning. We got cheap flights with Aer Lingus. | |
Abair: | Great. Where did you stay? Go hiontach. Cén áit ar fhan sibh? | |
Darach: | D’fhan muid in óstán darb ainm The Edison. Tá sé díreach in aice le Broadway agus Times Square. We stayed in an hotel called The Edison. It’s right beside Broadway and Times Square. | |
Abair: | Oh, that was very handy. Is that hotel expensive? Ó, bhí sé sin an-áisiúil. An bhfuil an t-óstán sin daor? | |
Darach: | Tá sé daor go leor. Bhí an seomra beagnach dhá chéad dollar san oíche. It’s expensive enough. The room was nearly two hundred dollars a night. | |
Abair: | That was very dear but it’s difficult to get cheap accommodation in New York. Bhí sin an-chostasach ach tá sé deacair lóistín saor a fháil i Nua-Eabhrac. | |
Darach: | Tá sin fíor. Ach ar a laghad tá an dollar an-lag faoi láthair. That’s true. But at least the dollar is very weak at the moment. | |
Abair: | Is the hotel nice? An bhfuil an t-óstán go deas? | |
Darach: | Níl sé ródhona. Tá sé bunúsach ach breá lárnach. Is féidir leat siúl gach áit. It’s not too bad. It’s basic but nice and central. You can walk everywhere. | |