Comhrá A / Conversation A

Comhrá A

Colm and Máirín were good friends at school but have lost contact with each other in recent years. Colm wants to know all about Máirín’s life at the moment.
Colm:An bhfuil tú ag obair sa bhanc fós?
Máirín:Tá, ach go páirtaimseartha. Tá mé i mo chónaí in Áth Luain anois. Beidh mé ansin ceithre bliana an mhí seo chugainn.
Colm:An maith leat do phost?
Máirín:Tá sé ceart go leor. Tá cuid den obair an‑leadránach go deo ach tá buntáistí ag baint leis an bpost freisin.
Colm:Níor phós tú go fóill?
Máirín:Níor phós! Tá mé ag siúl amach le fear as Port Láirge le breis is bliain anois.
Colm:An bhfuil seisean ag obair sa bhanc freisin?
Máirín:Níl, is cuntasóir é.
Colm:Tá neart airgid aige, mar sin!
Máirín:Tá, ach oibríonn sé uaireanta fada. Déanann sé ragobair go minic, go háirithe ag an deireadh seachtaine. Níl saol sóisialta ró‑iontach againn.
Comhrá A / Conversation A