Comhrá C / Conversation C

Comhrá C

Anna asks her friend Jill about an interview she had earlier in the day.
Anna:Bhuel, abair liom – conas mar a d’éirigh leat?
Jill:Ceapaim gur éirigh go maith liom.
Anna:An raibh tú neirbhíseach?
Jill:Ní raibh mé ródhona. Chuir siad ceisteanna deacra orm ach d’éirigh liom iad go léir a fhreagairt.
Anna:Cé mhéad duine a bhí ar an mbord agallaimh?
Jill:Ceathrar ar fad ach bhí siad go léir go deas. Chuir siad ar mo shuaimhneas mé.
Anna:Cathain a bheidh a fhios agat cé acu an bhfuair tú an post nó nach bhfuair?
Jill:Ba cheart go mbeadh a fhios agam faoin lá amárach.
Anna:Agus an dóigh leat go bhfuil seans maith agat an post a fháil?
Jill:Déarfainn go bhfuil. Ach níl mé cinnte anois an bhfuil sé de dhíth orm.
Comhrá C / Conversation C