Comhrá C / Conversation C

Comhrá C

At coffee break in the office, Áine invites Peadar to go to a play in the Town Hall Theatre.
Áine:A Pheadair, an mbeidh tú saor oíche Dé hAoine?
Peadar:Beidh, sílim. Cén fáth?
Áine:Tá mé féin agus Deirdre ag dul chuig an dráma nua sin in Amharclann na Cathrach. Ar mhaith leat teacht linn? Gheobhaidh mise ticéad duit amárach.
Peadar:Ba bhreá liom. Cén t‑am a bheidh sé ag tosú?
Áine:Ar a hocht a chlog.
Peadar:Go breá. Rachaidh mé! Cén áit a mbuailfidh mé libh?
Áine:An bhfuil a fhios agat an teach tábhairne sin díreach in aice leis an amharclann?
Peadar:Tá a fhios.
Áine:Buailfimid leat ansin ar leathuair tar éis a seacht. Ceart go leor?
Peadar:Go breá! Tá mé ag súil go mór leis. B’fhearr domsa rith – tá cruinniú agam.
Áine:Beidh mé ag caint leat ar ball.
Comhrá C / Conversation C